Ba tithe ceann tuí a bhí ar an oileán nuair a chuaigh Páidí a chónaí i dToraigh ar dtús. Bhí seomra agus cistin iontu agus dhá dhoras ar gach teach fosta. Bhí an tuí déanta de chochán. Bhí an tuí le déanamh ar an teach gach bliain ag deireadh an fhómhair. Lampaí ola a bhí acu.